21 Cruinneoidh mé sibh agus séidfidh mé oraibh le tine mo chuthaigh agus leáfar sibh i lár báire.
22 Mar a leáitear airgead i gcorcán leáite, sin mar a leáfar sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a dhoirt amach mo fhearg oraibh.”
23 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
24 “A mhic an duine, abair léi: Is tír thú nach bhfuair folcadh ná cith fearthainne lá na feirge;
25 a bhfuil na prionsaí istigh inti amhail leon buile a bheadh cíocrach chun na creiche. Shlog siad daoine siar, ghabh siad maoin agus seoda, d'fhág siad slua baintreach istigh inti.
26 Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.
27 Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.