5 Beifear ag fonóid fút ó chian agus ó chóngar, a chathair mhíchlúiteach challánach.
6 Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola.
7 Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.
8 Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.
9 Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.
10 Taispeánann siad tarnochtacht a n‑aithreacha ionat; éigníonn siad na mná ionat le linn a neamhghlaine.
11 Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar.