18 Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr.
19 Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,
20 agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall.
21 Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.
22 “Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d'éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,
23 na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.
24 Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.