1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo na nAmónach agus tairngir ina n‑éadan.
3 Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;
4 dá bhrí sin uile, tabharfaidh mé suas thú mar ghabháltas do mhuintir an oirthir. Suífidh siad campa istigh i do lár agus cuirfidh siad fúthu ansin; íosfaidh siad do thorthaí agus ólfaidh siad do bhainne.
5 Déanfaidh mé páirc innilte do na camaill as Rábá agus banrach do chaoirigh as bailte Amón. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.
6 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go raibh tú ag bualadh bos agus ag rince le háthas agus an t‑olc istigh agat do thír Iosrael,