5 Déanfaidh mé páirc innilte do na camaill as Rábá agus banrach do chaoirigh as bailte Amón. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.
6 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go raibh tú ag bualadh bos agus ag rince le háthas agus an t‑olc istigh agat do thír Iosrael,
7 sínfidh mé mo lámh in bhur n‑éadan dá bharr. Tabharfaidh mé suas thú mar chreach do na ciníocha; réabfaidh mé as a chéile thú mar náisiún; scriosfaidh mé thú mar thír, millfidh mé thú. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.
8 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt Móáb agus Saeír, féach, tá muintir Iúdá ar aon dul leis na ciníocha eile;
9 dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím.
10 Tabharfaidh mé suas í do mhuintir an oirthir, naimhde na nAmónach. Tabharfaidh mé suas í ionas go n‑imeoidh na hAmónaigh as cuimhne na gciníocha.
11 Sin mar a chuirfidh mé pionós ar Mhóáb agus tuigfidh cách gur mise an Tiarna.