14 Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d'ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15 “Seo mar a deir an Tiarna Dia leis an Tuír: Nach rachaidh na hinsí ar crith le tormán do thitime, le cneadach na ndaoine gonta, agus leis an ár istigh?
16 Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.
17 Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat:‘Níl rian díot fágtha ar na farraigí,a chathair iomráiteach,a bhí láidir tráth ar an bhfarraige,tú féin agus d'áitritheoiría raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.
18 Anois critheann na hinsílá do thurnaimh;is cúis imní d'imeachtag insí na farraige.’
19 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;
20 ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo.