18 Anois critheann na hinsílá do thurnaimh;is cúis imní d'imeachtag insí na farraige.’
19 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;
20 ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo.
21 Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.”