26 Rámhaigh do rámhaithe thúamach ar an bhfarraige mhór.Bhris an ghaoth anoir thúi gceartlár na farraige.
27 Do shaibhreas, d'earraí, do lasta,d'fhoireann, do mhairnéalaigh,do chalcairí, do cheannaithe,do fhir chogaidh atá ar bord,agus do chomhluadar uile;rachaidh siad uile go tóin poilli gceartlár na farraigelá do longbhriste.
28 Nuair a sheolfaidhscread na mairnéalach ina gcluasa,crithfidh muintir na gcóstaí.
29 Tiocfaidh na rámhaithe anuas dá longa;na mairnéalaigh agus lucht farraige uile,fanfaidh siad ar an gcladach.
30 Tógfaidh siad olagón ar do shon,ag caoineadh go géar goirt.Caithfidh siad deannach ar a gcinn,ag únfairt i luaithreach.
31 Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon,crioslóidh iad féin le sacéadach,caoinfidh siad ar do shonle doilíos croí go géar goirt.
32 Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn,agus iad ag caoineadh ar do shon:Cé riamh a scriosadhmar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?