3 Abair leis an Tuír, an chathair atá suite ar bhruach na farraige agus a dhéanann gnó leis an bpobal ar a lán insí: Seo mar a deir an Tiarna:A Thuír, dúirt tusa:‘Tá mé thar a bheith sciamhach.’
4 Shín do theorainn amach go farraige;thug na saoir do sciamh chun foirfeachta.
5 Rinne siad do chláir uileas crainn ghiúise Shainír.Thug siad céadras ón Liobáina dhéanfadh crann seoil duit.
6 As daracha Bháiseána rinne siad do rámhaí.Chuir siad do bhord le chéilele péine as Insí na Mara,agus é maisithe le heabhar.
7 Ba línéadach mín ón Éigipt,ar a raibh obair bhróidnéirithe,do sheol agus do mheirge ar aon.Ba ghorm corcra do scáthbhrató insí Eilíseá.
8 Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvaddo rámhaithe;bhí do shaoithe ar bord, a Thuír,mar lucht stiúrtha.
9 Bhí sinsir Ghabal,agus a fir dheaslámhacha ionat,ag calcadh do shiúntaí.Bhíodh loingeas na farraige uileagus a bhfoirne mairnéalachar cuairt trádála agat.