1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Dúirt tú le teann mórchúise:Is dia mé,suím in ionad Dé i lár na farraige.Cé gur duine thú agus nach dia,measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
3 Is eagnaí thú ná Dainéil;níl aon rún ceilte ort.
4 Le gaois agus le tuiscintghnóthaigh tú saibhreas;chruinnigh tú ór agus airgeadi do chistí.
5 Mhéadaigh tú do stórle do chríonnacht i gcúrsaí gnó;bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine.