10 Éagfaidh tú le láimh an choimhthíghamhail duine gan timpeallghearradh.Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
11 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:
12 “A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Rug tú craobh na foirfeachta leatle feabhas do ghaoise,agus le maise do scéimhe;
13 bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé.Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca,sard, tópas, diamant,criosailít, beiril, oinisc,saifír, carmhogal, smaragaid;ba as ór a rinneadh do thiompáinagus do phíbeanna.Gléasadh an t‑iomlánan lá ar cruthaíodh thú.
14 Chuir mé thú i gcuideachtaceiribín ungtha choimhdeachta;bhí tú ar shliabh naofa Dé,shiúil tú i measc na n‑aibhleog dearg-the.
15 Bhí d'iompar gan lochtón lá ar cruthaíodh thúgo dtí gur tháinig an t‑olc fad leat.
16 Ba é do thrádáil ghnóthacha líon le foréigean agus le peaca thú.Chaith mé síos thúmar rud truaillithe ó shliabh Dé;theilg an ceiribín coimhdeachta amach thúas lár na n‑aibhleog te.