4 Le gaois agus le tuiscintghnóthaigh tú saibhreas;chruinnigh tú ór agus airgeadi do chistí.
5 Mhéadaigh tú do stórle do chríonnacht i gcúrsaí gnó;bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine.
6 Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
7 Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort,an náisiún is barbartha ar na náisiúin;tarraingeoidh siad an claíomhin aghaidh scéimh d'eagna,truailleoidh siad do ghlóir.
8 Teilgfidh siad síos thú go Seól,agus gheobhaidh tú anbhási gceartlár na farraige móire.
9 An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’i láthair lucht do mharfa?Ní hea, is duine thú agus ní dia,agus tú i lámha marfóirí!
10 Éagfaidh tú le láimh an choimhthíghamhail duine gan timpeallghearradh.Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”