11 Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.
12 Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.
13 Seo mar a deir an Tiarna Dia: i gcionn daichead bliain cruinneoidh mé na hÉigiptigh ó na ciníocha a raibh siad scaipthe ina measc.
14 Tabharfaidh mé braighdeanaigh na hÉigipte ar ais agus socróidh mé iad i dtír Phatros, tír a ndúchais, áit a ndéanfaidh siad ríocht uiríseal.
15 Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha.
16 Ní hé amháin nach mbeidh sí ina crann taca ag muintir Iosrael ach cuirfidh sí a peacaí i gcuimhne do Iosrael nuair a iarrfaidh Iosrael cuidiú uirthi. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.”
17 Sa seachtú bliain is fiche, ar an gcéad lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam: