6 ionas go dtuigfidh muintir uile na hÉigiptegur mise an Tiarna.Óir bhí tusa mar bhata giolcaíag muintir Iosrael.
7 Nuair a rug siad greim ortbhris tú ina lámha,agus réab a nguaillí uile;nuair a lig siad taca leatbhris tú arísagus chuir a leasracha ar crith.
8 “Ar an ábhar sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé an claíomh anuas ort agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch.
9 Fágfar an Éigipt ina fásach lom agus tuigfear ansin gur mise an Tiarna. De bhrí go ndúirt sé: ‘Is liomsa an Níl, mise a rinne í’;
10 dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe.
11 Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.
12 Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.