18 Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.
19 Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin.
20 Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.
21 Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith.
22 Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.”
23 D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.
24 Ansin tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé agus labhair liom.Dúirt sé liom: “Imigh agus druid tú féin istigh i do theach.