4 Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo.
5 Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur;
6 ní chuig a lán ciníocha a bhfuil teanga dheacair iasachta agus caint dhoiléir acu. Go deimhin, dá seolfainn chucusan thú d'éistfidís leat.
7 Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir.
8 Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin.
9 Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.”
10 Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.