10 Seo mar a deir an Tiarna Dia:Coscróidh mé sluaite na hÉigiptele láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine.
11 É féin agus a shlua,an dream is barbartha amuigh,tabharfar isteach iadleis an tír a chreachadh.Tarraingeoidh siad claíomhi gcoinne na hÉigipte,agus líonfaidh siad an tír le corpáin.
12 Triomóidh mé aibhneacha na Níle,díolfaidh an fearann le sladaithe,bánóidh an fearann le sladaithe,bánóidh mé an tír agus a bhfuil intile cuidiú na gcoimhthíoch.Mise, an Tiarna, a dúirt.
13 Seo mar a deir an Tiarna Dia:Scriosfaidh mé fós na híola,cuirfidh mé críoch le híomhánna NofFágfar an Éigipt gan taoiseach,scanróidh mé tír uile na hÉigipte.
14 Bánóidh mé Patros,cuirfidh tine le Zoan,gearrfaidh breithiúnas ar Nó.
15 Doirtfidh mé díoltas ar Shín,daingean na hÉigipte,coscroidh mé sluaite Nó.
16 Cuirfidh mé tine leis an Éigipt,beidh Sín faoi chlúdach scamaill,réabfar Nó as a chéile,beidh Nof i sáinn ó lá go lá.