19 “Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”
20 San aonú bliain déag, ar an seachtú lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
21 “A mhic an duine, bhris mé géag Fhorainn, rí na hÉigipte; ní dhearnadh é a cheangal lena leigheas, níor cuireadh bindealán air lena dhéanamh éifeachtach arís i gceann claímh.
22 Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh.
23 Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha.
24 Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
25 Neartóidh mé géaga rí na Bablóine ach titfidh géaga Fhorainn; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Nuair a chuirfidh mé mo chlaíomh i láimh rí na Bablóine sínfidh sé amach é ar thír na hÉigipte.