1 San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh:Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht?
3 Le céadras sa Liobáin gan amhras,le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard,a bharr i measc na néalta.
4 Chothaigh na huiscí é,thug an duibheagán air fás go hard,trína aibhneacha a chur ag sníthar láthair a fhréamhaithe,a shrutháin chun crainn uile na foraoise.
5 Uime sin d'fhás sé níb airde ná na crainn eile;mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amachde thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis.