1 Sa dara bliain déag, ar an gcéad lá den dara mí déag, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis:Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha.Ach is crogall thú sna farraigí;brúchtann tú i d'aibhneacha,corraíonn tú na huiscí le do spága,salaíonn tú na sruthanna.
3 Seo mar a deir an Tiarna Dia:Leathfaidh mé m'eangach os do chionnagus tú i gcomhluadar a lán pobal;tabharfaidh siad aníos i m'eangach thú.
4 Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú,teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú,tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ortagus ar bheithígh an domhain thú a alpadh.
5 Scaipfidh mé do chuid feola ar na sléibhte,agus líonfaidh mé na gleannta le do chonablach.