14 Déanfaidh mé na huiscí gléghlan agus cuirfidh mé na srutháin ag rith mar ola - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15 Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte,nuair a fhágfar í ina fásach folamh,nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti,tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.
16 “Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
17 Sa dara bliain déag, ar an gcúigiú lá déag [den chéad mhí], tháinig briathar an Tiarna chugam:
18 “A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól:
19 An áille tusa ná aon duine?Gabh síos, agus luigh leis an dreamgan timpeallghearradh.’
20 “Titfidh siad i measc an dream a maraíodh leis an gclaíomh; luífidh a sluaite uile ina cuideachta.