23 Tá siad curtha i bhfíoríochtar Sheól agus a slua timpeall a huaighe, gach duine acu marbh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi.
24 “Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.
25 Chóirigh siad leaba di i measc na marbh, lena slua uile timpeall a huaighe; gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. Tá siad curtha ansin i lár na marbh.
26 “Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n‑uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu.
27 [Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo.
28 Brisfear thú mar sin agus luífidh tú leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh.
29 “Tá Eadóm ansin, a ríthe agus a prionsaí uile, ina luí leosan a thit leis an gclaíomh in ainneoin a ngaisce. Luíonn siad leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a chuaigh síos go Seól.