7 Nuair a scriosfaidh mé thúclúdóidh mé na spéartha,agus dorchóidh mé na réaltaí;cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamallagus ní thabharfaidh an ghealach a solas.
8 Tabharfaidh mé ar shoilse uile na spéiremúchadh os do chionn,agus ar an dorchadas titim anuas ar do thír- an Tiarna Dia a labhraíonn.
9 “Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit.
10 Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.
11 Óir seo mar a deir an Tiarna Dia: Tiocfaidh claíomh rí na Bablóine ort.
12 Tabharfaidh mé ar do shlua titim le claimhte na gcumhachtach, gach duine díobh ar an dream is barbartha ar na ciníocha. Cuirfidh siad ar neamhní mórchúis na hÉigipte agus caillfear a pobal uile.
13 Scriosfaidh mé an uile bheithíoch ar bhruach na n‑uiscí móra. Ní chorróidh cos duine iad níos mó, ní chorróidh crúb beithígh iad ach oiread.