9 “Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit.
10 Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.
11 Óir seo mar a deir an Tiarna Dia: Tiocfaidh claíomh rí na Bablóine ort.
12 Tabharfaidh mé ar do shlua titim le claimhte na gcumhachtach, gach duine díobh ar an dream is barbartha ar na ciníocha. Cuirfidh siad ar neamhní mórchúis na hÉigipte agus caillfear a pobal uile.
13 Scriosfaidh mé an uile bheithíoch ar bhruach na n‑uiscí móra. Ní chorróidh cos duine iad níos mó, ní chorróidh crúb beithígh iad ach oiread.
14 Déanfaidh mé na huiscí gléghlan agus cuirfidh mé na srutháin ag rith mar ola - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15 Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte,nuair a fhágfar í ina fásach folamh,nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti,tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.