10 Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.
11 “Óir seo mar a deir an Tiarna Dia. Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin.
12 Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.
13 Bainfidh mé amach as na ciníocha iad, baileoidh mé ó na tíortha iad, agus seolfaidh mé isteach ina ndúiche féin iad. Beathóidh mé iad ar shléibhte Iosrael, láimh leis na toibreacha agus i ngach uile áit chónaithe sa tír.
14 Beathóidh mé iad in innilt mhéith agus beidh a mbanrach ar shléibhte arda Iosrael. Luífidh siad síos ansin i mbanrach mhaith agus beidh féarach méith acu ar shléibhte Iosrael.
15 Beathóidh mise féin mo chaoirigh agus tabharfaidh orthu a scíste a ligean - an Tiarna Dia a labhraíonn.
16 Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t‑easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.”