14 Beathóidh mé iad in innilt mhéith agus beidh a mbanrach ar shléibhte arda Iosrael. Luífidh siad síos ansin i mbanrach mhaith agus beidh féarach méith acu ar shléibhte Iosrael.
15 Beathóidh mise féin mo chaoirigh agus tabharfaidh orthu a scíste a ligean - an Tiarna Dia a labhraíonn.
16 Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t‑easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.”
17 “Maidir libhse, a thréad, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus pocáin.
18 Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.
19 Caithfidh mo chaoirigh an féarach ar ar shatail sibh le bhur gcrúba a ithe agus an t‑uisce a thruailligh bhur gcrúba a ól.
20 Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tabharfaidh mise breith idir caora mhéith agus caora thanaí.