21 De bhrí go mbrúnn sibh an uile easlán ar leataobh le bhur ngeadáin agus le bhur shlinneáin agus go mbuaileann sibh le bhur n‑adharca iad leis an ruaig a chur orthu,
22 déanfaidh mé mo chaoirigh a fhuascailt; ní bheidh siad ina gcreach a thuilleadh. Tabharfaidh mé breith idir caora agus caora.
23 “Cuirfidh mé aon tréadaí amháin i gceannas, is é sin, mo sheirbhíseach Dáiví, agus beathóidh sé iad. Beathóidh sé iad agus beidh ina thréadaí acu.
24 Beidh mise, an Tiarna, i mo Dhia acu agus beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina thaoiseach orthu. Mise, an Tiarna, a labhair.
25 Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.
26 [Socróidh mé iad thart ar] mo chnoc agus tabharfaidh an fhearthainn dóibh in am trátha agus beidh sí ina fearthainn beannachtaí dóibh.
27 Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.