28 Ní bheidh siad ina gcreach níos mó ag na ciníocha; ní bheidh siad á n‑alpadh ag ainmhithe allta na tíre. Cónóidh siad gan bhaol agus ní bheidh aon duine ina chúis imní acu choíche.
29 Cuirfidh mé rathúnas fáis sna páirceanna dóibh ionas nach gcaillfear níos mó iad le gorta sa bhaile agus nach mbeidh orthu cur suas níos mó le masla na gciníocha.
30 Tuigfidh siad go bhfuil mise, a nDia, ina gcuideachta, agus gurb iadsan muintir Iosrael, mo phobal féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.
31 Is sibhse mo chaoirigh, an tréad atá ar féarach agam, agus is mise bhur nDia - an Tiarna Dia a labhraíonn.