3 Itheann sibhse an tsaill, gléasann sibh sibh féin le holann, maraíonn sibh an beithíoch biata, ach ní bheathaíonn sibh an tréad.
4 Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.
5 De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.
6 Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.
7 “Dá bhrí sin, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.
8 Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;
9 dá bhrí sin uile, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.