10 Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha.
11 Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.
12 A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n‑oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís.
13 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt na daoine libh: ‘Is alpaire daoine sibh, déanann sibh slad ar pháistí an chine.’
14 Ar an ábhar sin, ní alpfaidh sibh daoine níos mó: ní dhéanfaidh sibh slad ar pháistí an chine arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15 Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
16 Tháinig briathar an Tiarna chugam: