13 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt na daoine libh: ‘Is alpaire daoine sibh, déanann sibh slad ar pháistí an chine.’
14 Ar an ábhar sin, ní alpfaidh sibh daoine níos mó: ní dhéanfaidh sibh slad ar pháistí an chine arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15 Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
16 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
17 “A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n‑iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná.
18 Scaoil mé mo chuthach leo de bharr na fola a dhoirt siad sa tír agus na n‑íol lenar thruailligh siad í.
19 Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n‑iompar agus a mbearta.