19 Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n‑iompar agus a mbearta.
20 Agus anois, thruailligh siad m'ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’
21 Ach bhí mé buartha faoi m'ainm naofa a thruailligh muintir Iosrael i measc na gciníocha mar a ndeachaigh siad.
22 “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.
23 Naomhóidh mé m'ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna - an Tiarna Dia a labhraíonn - nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl.
24 Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais.
25 Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.