25 Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.
26 Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.
27 Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht.
28 Cónóidh sibh sa tír a bhronn mé ar bhur n‑aithreacha; beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh.
29 Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó.
30 Méadóidh mé toradh na gcrann agus na bpáirceanna ionas nach mbeidh masla an ghorta oraibh níos mó i measc na gciníocha.
31 Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna.