7 Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím go maslófar na ciníocha máguaird chomh maith libhse.
8 “A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath.
9 Sea, tá mise ar bhur son, fillfidh mé chugaibh; treabhfar agus síolfar sibh.
10 Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha.
11 Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.
12 A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n‑oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís.
13 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt na daoine libh: ‘Is alpaire daoine sibh, déanann sibh slad ar pháistí an chine.’