1 Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha.
2 Sheol sé thart mé ina measc; agus féach, bhí na múrtha acu ar an talamh ó cheann ceann an ghleanna, agus iad an-seargtha.
3 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?” “Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,” arsa mise.
4 Dúirt seisean: “Tairngir thar na cnámha seo agus abair leo: A chnámha seargtha, éistigí le briathar an Tiarna.
5 Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na cnámha seo: Féach, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo.
6 Leagfaidh mé féitheacha oraibh, cuirfidh mé feoil ag fás oraibh, clúdóidh mé sibh le craiceann, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.”
7 De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile.