17 Táthaigh le chéile iad in aon bhata amháin ionas go mba aon bhata amháin i do láimh iad.
18 Nuair a deir do mhuintir leat: ‘Mínigh ciall an scéil seo dúinn’;
19 abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé chun bata Iósaef, atá i lámha Eafráim, a thógáil, agus clanna Iosrael atá i gcomhar leis; agus táthóidh mé le bata Iúdá é. Déanfaidh mé bata amháin astu ionas go mba aon iad i mo láimhse.’
20 Nuair a bheidh na bataí ar a scríobhfaidh tú i do láimh os a gcomhair,
21 abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin.
22 Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht.
23 Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n‑íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan.