1 “A mhic an duine, tairngir in éadan Ghóg. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.
2 Iompóidh mé thart thú, brúfaidh mé ar aghaidh thú, agus tabharfaidh thú ó na hairde is faide ó thuaidh ag ionsaí sléibhte Iosrael.
3 Buailfidh mé an bogha as do láimh chlé agus tabharfaidh mé ar na saigheada titim ó do láimh dheis.
4 Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.
5 Titfidh tú ar an machaire lom. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.