15 Agus ar a mbealach dóibh tríd an tír, má fheiceann aon duine acu cnámha duine, cuirfidh sé comhartha in aice leo nó go gcuirfidh an lucht adhlactha iad i nGleann Hamón Góg. -
16 Hamóná ainm an bhaile san áit sin - agus is mar sin a ghlanfaidh siad an tír.
17 “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhair le gach sórt éin agus leis an uile ainmhí sa mhachaire: Tionólaigí agus tagaigí anseo, tagaigí le chéile i gcomhair an fhéasta íobartha atá mé a ullmhú daoibh, féasta mór íobartha ar shléibhte Iosrael ina n‑íosfaidh sibh feoil agus ina n‑ólfaidh sibh fuil.
18 Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán.
19 Íosfaidh sibh saill go mbeidh sibh lán, ólfaidh sibh fuil go mbeidh sibh ar meisce ag an bhféasta íobartha seo a ullmhaím daoibh.
20 Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
21 “Seo mar a léireoidh mé mo ghlóir do na ciníocha, agus feicfidh na ciníocha uile an breithiúnas a thug mé agus an lámh a leag mé orthu.