2 Iompóidh mé thart thú, brúfaidh mé ar aghaidh thú, agus tabharfaidh thú ó na hairde is faide ó thuaidh ag ionsaí sléibhte Iosrael.
3 Buailfidh mé an bogha as do láimh chlé agus tabharfaidh mé ar na saigheada titim ó do láimh dheis.
4 Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.
5 Titfidh tú ar an machaire lom. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.
6 Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.
7 Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.
8 “Féach, titfidh seo amach, tá sé ar tí titim amach - an Tiarna Dia a labhraíonn. Sin é an lá ar ar labhair mé.