21 “Seo mar a léireoidh mé mo ghlóir do na ciníocha, agus feicfidh na ciníocha uile an breithiúnas a thug mé agus an lámh a leag mé orthu.
22 Tuigfidh muintir Iosrael gur mise a dTiarna Dia ón lá sin amach.
23 Tuigfidh na ciníocha gur seoladh muintir Iosrael i mbraighdeanas de bharr a bpeaca, de bhrí gur imir siad chomh fealltach liom gur iompaigh mé m'aghaidh uathu agus gur thug mé suas dá naimhde iad; agus gur thit siad uile leis an gclaíomh.
24 D'imir mé leo de réir mar bhí tuillte acu mar gheall ar a bpeacaí gránna agus a gcionta agus d'iompaigh mé m'aghaidh uathu.
25 “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.
26 Déanfaidh siad dearmad den náire agus den fheall go léir a chleacht siad liom agus iad ina suí go suaimhneach ina dtír féin gan eagla.
27 Nuair a thabharfaidh mé abhaile iad as na ciníocha agus a bhaileoidh mé iad ó thíortha a naimhde, nuair a léireoidh mé mo naofacht tríothu os comhair a lán ciníocha,