26 Déanfaidh siad dearmad den náire agus den fheall go léir a chleacht siad liom agus iad ina suí go suaimhneach ina dtír féin gan eagla.
27 Nuair a thabharfaidh mé abhaile iad as na ciníocha agus a bhaileoidh mé iad ó thíortha a naimhde, nuair a léireoidh mé mo naofacht tríothu os comhair a lán ciníocha,
28 tuigfidh siad gur mise, an Tiarna, a nDia; óir chuir mé ar díbirt iad i measc na gciníocha agus ansin bhailigh mé le chéile iad ina dtír féin, gan aon duine fágtha i measc na gciníocha a thuilleadh.
29 Ní iompóidh mé m'aghaidh uathu arís nuair a dhoirtfidh mé mo spiorad amach ar mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”