7 Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.
8 “Féach, titfidh seo amach, tá sé ar tí titim amach - an Tiarna Dia a labhraíonn. Sin é an lá ar ar labhair mé.
9 Rachaidh an mhuintir a chónaíonn i mbailte Iosrael amach agus cuirfidh siad na hairm seo trí thine, na lúireacha agus na cruinnsciatha, na boghanna agus na saigheada, na bataí agus na sleánna. Lasfaidh an tine leo ar feadh seacht mbliana,
10 ionas nach mbeidh orthu connadh a chuardach faoin tuath ná a ghearradh sa choill; óir beidh ábhar tine acu sna hairm. Creachfaidh siad lucht a gcreiche agus sladfaidh siad lucht a slada féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.
11 “An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t‑ainm a bheidh air.
12 Glacfaidh sé seacht mí ag muintir Iosrael iad a chur agus an tír a ghlanadh.
13 Adhlacfaidh muintir uile na tíre iad agus gheobhaidh siad onóir dá bharr an lá a thaispeánfaidh mise mo ghlóir - an Tiarna Dia a labhraíonn.