2 Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall.
3 Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.
4 “Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós.
5 Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin.
6 Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana.
7 Iompóidh tú d'aghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin.
8 Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat.