15 Ó dhul isteach an gheata fad leis an bpóirse istigh bhí caoga banlámh.
16 Ar gach taobh den gheata bhí fuinneoga spréite, sna taobhsheomraí agus sna spásanna eatarthu, agus mar an gcéanna bhí fuinneoga thart timpeall an phóirse agus crainn phailme ar na hursaineacha.
17 Thug sé isteach mé ansin sa chúirt sheachtrach a raibh seomraí ann agus pábháil thart timpeall na cúirte; tríocha seomra ar aghaidh na pábhála.
18 An phábháil a shín leis na geataí agus a bhí ar aon fhad leo, sin an phábháil íochtarach.
19 Thomhais sé ansin ón taobh istigh den gheata íochtarach go dtí an taobh amuigh den chúirt inmheánach, bhí sé céad banlámh soir agus ó thuaidh.
20 Thomhais sé geata thuaidh na cúirte seachtraí ar a fhad agus ar a leithead.
21 Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.