19 Thomhais sé ansin ón taobh istigh den gheata íochtarach go dtí an taobh amuigh den chúirt inmheánach, bhí sé céad banlámh soir agus ó thuaidh.
20 Thomhais sé geata thuaidh na cúirte seachtraí ar a fhad agus ar a leithead.
21 Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
22 Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh.
23 Sa chúirt inmheánach os comhair an gheata thuaidh bhí geata mar a bhí os comhair an gheata thoir. Thomhais sé ó gheata go geata; bhí sé céad banlámh.
24 Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
25 Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse amhail fuinneoga an chinn eile; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.