28 Thug sé isteach mé ansin sa chúirt inmheánach tríd an ngeata theas. Thomhais sé an geata theas agus bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
29 A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
30 Bhí póirsí thart timpeall, cúig bhanlámh is fiche ar fad agus cúig bhanlámh ar leithead.
31 Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha agus ocht gcéim ag dul suas chuige.
32 Thug sé ansin go dtí [an geata thoir] mé. Thomhais sé an geata; bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
33 A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
34 Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.