31 Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha agus ocht gcéim ag dul suas chuige.
32 Thug sé ansin go dtí [an geata thoir] mé. Thomhais sé an geata; bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
33 A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
34 Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.
35 Thug sé go dtí an geata thuaidh mé. Thomhais sé é:
36 bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí a thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse [ar aon mhiosúr leis na cinn éile]. Bhí fuinneoga thart timpeall air: bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
37 Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.