46 do shagairt na haltóra an seomra a fhéachann ó thuaidh. Mic Zádóc iad, an t‑aon dream de mhic Léiví a thagann i ngar don Tiarna chun freastal air.”
47 Thomhais sé an chúirt inmheánach. Ba chearnóg í a bhí céad banlámh ar fad agus céad banlámh ar leithead; bhí an altóir os comhair an Teampaill.
48 Thug sé ansin mé go póirse an Teampaill. Thomhais sé ursaineacha an phóirse; bhí siad cúig bhanlámh ar gach taobh. Bhí an geata isteach ceithre bhanlámh déag ar leithead agus bhí [balla] thrí bhanlámh ar gach taobh de.
49 Bhí an póirse fiche banlámh ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Bhí deich gcéim ag dul suas chuige agus colúin le hais na n‑ursaineacha ar gach taobh.