6 Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas;
7 agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat.
8 Ansin thomhais sé póirse an gheata, a bhí ocht mbanlámh;
9 agus a ursaineacha, a bhí dhá bhanlámh. Bhí póirse an gheata ar an taobh istigh.
10 Bhí trí thaobhsheomra ar gach taobh den gheata thoir; bhí na trí cinn ar aon mhiosúr; agus na hursaineacha ar gach taobh bhí siad ar aon mhiosúr.
11 Thomhais sé leithead bhéal an gheata, a bhí deich mbanlámh; agus leithead an gheata tríd síos, a bhí trí bhanlámh déag.
12 Bhí ráille os comhair na dtaobhsheomraí, a bhí banlámh ar gach taobh; agus bhí na taobhsheomraí sé bhanlámh ar gach taobh.