13 Thomhais sé fad an Teampaill, a bhí céad banlámh; agus fad an chlóis agus an foirgneamh lena bhallaí, a bhí céad banlámh;
14 agus leithead aghaidh an Teampaill agus an chlóis thoir, a bhí céad banlámh.
15 Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh.Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach,
16 bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.
17 Ón doras isteach go dtí an seomra inmheánach agus thart timpeall bhalla an tseomra inmheánaigh taobh amuigh agus taobh istigh,
18 bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite, ceiribín agus crann pailme gach re ceann. Bhí dhá aghaidh ar gach ceiribín,
19 aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad.